3 Agus ar mbeith dhó trí mhí ann sin. Ar gcur lúigheacháin do na Iúdaighibh air, mar do bhi faói dul a luing go Síria, do chuir sé roímhe filleadh tar a ais go Macedónia.
4 Agus do chuáidh ris na chuideachda gus a Násia Sopater ó Bheréa; agus do luchd Tessalónica, Aristarchus agus Secundus; agus Gáius ó chathruigh na Deirbe, agus Timotéus; agus do luchd na Hasia, Tichicus agus Trophimus.
5 Do imthigheadar so romhainne dfanadar rinn a Dtróas.
6 Achd do chúamairne a luing ó Philippi tar éis láethe a naráin gan laibhín, agus tangamar chucasan go Tróas a gcionn chúig lá; agus dfanamair ann sin ar feadh seachdmhuíne.
7 Agus an céud lá don tseachdmhuin, ar gcruinniughadh do na deisciobluibh a gceann a chéile, do bhriseadh arain, do bhrigh go raibh fáoi Phól imtheachd úatha lá ar na mhárach; do rinne sé seanmóir go meadhón oidhche.
8 Agus do bhádar mórán lóchrann a séomra árd, ann ar chruinnigheadar a gceann a chéile.
9 Agus do shuidh ogánach áirighe dár bhainm Eutichus ar fuinneóig, air dtuitim na chodladh go trom: agus ar mbeith do Phól a bhfad ag déunamh seanmóra, air na shárughadh tré chodladh, do thuit sé síos ón treas lota, agus do tógbhadh súas marbh é.