14 Agus an tan nar ghabh sé cómhairle, do sguireamar, ag rádh, Déantar toil an Tighearna.
15 Agus tar éis na láetheadhsa ar mbeith ullamh dhúinn, do chúamar súas go Hiarusalém.
16 Agus tangadar cuid do na deisciobluibh linn ó Shéasaréa, agus tugadar seindeisciobal áirighe léo, dár bhainm Mnason do rugadh a Cíprus, aga mbeimís ar ósda.
17 Agus ar dteachd go Hiarusalém dúinn, do ghabhadar na bráithre chuca sinn go lúathgháireach.
18 Agus lá ar na mhárach do chúaidh Pól maille rinne a steach mar a raibh Séumus; agus do chruinnigheadar na sinsir uile ann sin.
19 Agus ar mbeannughadh dhóibh do Phól, dinnis sé a ndiáigh a chéile créd do rinne Día tré na sheirbhís féin a measg na Gcineadhach.
20 Agus ar na chlós so dhóibhsion, tugadar glóir don Tighearna. Agus a dubhradar ris, Do chí tusa, a bhráthair, ga mhéud míle do na Iúdaidhibh tháinic chum creidimh; agus átaid uile lán do ghrádh an reachda: