21 Agus do chúaladar ortsa, go dteagasgann tú do gach uile Iúdaighe dá bhfuil a measg na Gcineadhach Maóisi do thréigean, agus go nabuir tú nach cóir dhóibh a mic do thimcheallghearradh, na siubhal do réir an ghnáthuighe.
22 Ar a nadhbharsin créd dhéanfuighear? gan amharus as éigin don phobal cruinniughadh a gceann a chéile: óir cluinfíd síad go dtáinic tusa.
23 Ar a nadhbharsin déuna an nísi a deirmídne riot: atáid ceathrar feár aguinne air a bhfuil móid;
24 Beir íad so leachd, agus glantar thú maille ríu, agus caith léo, ionnus go mbearrfaudís a gcinn: agus aithéonaidh gach uile dhuine, nach bhfuil éifeachd ann ar cuireadh ort; achd go siobhlann tú féin ag coimhéud an reachda.
25 Achd a dtáobh ar chreid do na Cineadhachuibh, do sgríobhamairne agus dórdaigheamar dhóibh gan a leithéid sin do ghnáthughadh, achd amháin íad féin do choimhéd ó gach ní íodhbarthar díodhaluibh, agus ó fhuil, agus ó néithibh tachduighe, agus ó sdríopachus.
26 Ann sin rig Pól na fir leis, agus ar na mhárach ar na ghlanadh maille ríu do chuáidh sé don teampoll ag foillsiúghadh choimhlíonta láetheadh an ghlanta sin, nó go dtúgtháoi ofráil ar son gach áonduine aca.
27 Agus tar éis na seachd lá sin do choimhlíonadh achd beag, do chunncadar na Iúdaighe ó Násia, eisean ann sa teampoll, agus do bhogadar an phobal úile, agus chuireadar lamha ann san,