33 Ann sin ar ndruíd ris do núachdarán, rug sé air, agus daithin sé á cheangal lé dhá shlabhradh; agus dfíafruigh sé cia hé, agus créd do rinne sé.
34 Agus do éigh cuid mar so, agus cuid mar súd, a measg an phobail: agus mar nár bhéidir leision deimhín sgéul dfagháil do bhrígh na buáidheartha, daithin sé eisean do bhréith don chaisléun.
35 Agus tárla ar dteachd do Phól, chum an sdaighre, gur iomchradar na saighdiúirighe é air son foiréigin an phóbail.
36 Oír do lean mórán don phobal é, ag éighmhe, Beir uáinn é.
37 Agus an tráth do bhí Pól dá bhréith a steach don chaisléun, a dubhairt sé ris a núachdarán, An ceadúigheach dhamh ní labhuirt riot? Agus a dubhairt seision, An labhrann tú Gréigis?
38 An né nach tusa an Téigipteach, do thóg ceannairrce mhór roimhe so, agus do thréoruigh ceithre mhíle fear do luchd fionghoile leachd ar an bhfásach?
39 Agus a dubhairt Pól, Gán amharus as Iúdaighe misi ó chathruigh ro oirdheirc Tharsus, na Cilícia, agus, guidhim thusa, fulaing dhamh labhuirt ris an bpóbal.