35 Agus tárla ar dteachd do Phól, chum an sdaighre, gur iomchradar na saighdiúirighe é air son foiréigin an phóbail.
36 Oír do lean mórán don phobal é, ag éighmhe, Beir uáinn é.
37 Agus an tráth do bhí Pól dá bhréith a steach don chaisléun, a dubhairt sé ris a núachdarán, An ceadúigheach dhamh ní labhuirt riot? Agus a dubhairt seision, An labhrann tú Gréigis?
38 An né nach tusa an Téigipteach, do thóg ceannairrce mhór roimhe so, agus do thréoruigh ceithre mhíle fear do luchd fionghoile leachd ar an bhfásach?
39 Agus a dubhairt Pól, Gán amharus as Iúdaighe misi ó chathruigh ro oirdheirc Tharsus, na Cilícia, agus, guidhim thusa, fulaing dhamh labhuirt ris an bpóbal.
40 Agus an tan tug sé cead dó, ar seasamh do Phól ar a sdaíghre, do sméid sé lé na láimh ar an bpobal. Ag íarraidh éisdeachda, agus ar ndéanamh cíuínis mhóir dhóibh, do labhuir sé sa teanguidh Eabhra ríu, ag rádh,