4 Agus ar bhfagháil deisciobal ann sin duinn, dfanamair seachdmhuinn ann: agus dubhradar ré Pól trés an Spioraid, gan dul súas go Hiarusalém.
5 Agus ar gcríochnughadh na laétheadh sin, do thríallamar romhain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideachda as an gcathruigh amach: agus do leigeamar air ar nglúinibh sinn ar an dtráigh, agus do rinneamar urnuighe.
6 Agus tar éis a chéile do phógadh dhúinn, do chúamar sa luing; agus dfilleadarsan dá dtighthibh féin.
7 Agus ar gcríochnughadh ar loingséoreachda dhúinn, tangamar ó Thírus, go Ptolemáis, agus ar mbeannúghadh do na bráithribh dhúinn, dfanamar lá na bhfóchair.
8 Agus lá ar na mhárach ar nimtheachd dúinn do bhí do chuideachda Phoil, tangamar go Séasáreá: agus ar ndul á steach dhúinn go tigh Philib an suibhisgél, (noch do bhí don mhóirsheisear;) dfanamar aige.
9 Agus do bhádar ceathrar maighdean, dingheanuibh aigesion, noch do níodh faidheadóireachd.
10 Agus ag fuireach dúinne mórán do láethibh, táinic fáidh áirighe ó thír Iúdaighe, dár bhainm Agabus.