1 A Dhaoine, a bhráithreacha, agus a aithre, éisdigh a nois rém sháoradhsa dháoibh.
2 (Agus an tan do chúaladar gur sa teanguidh Eabhra do labhair sé ríu, as móide do rinneadar cíuinus e: agus a dubhairt seision,)
3 As Iúdaighe misi gan amharus, rugadh a Dtarsus, na Cilícia, gidheadh as ann sa chathruighsi ag cosaibh Ghamáliel do hoileadh mé, agus do muineadh go diongmhála a ndligheadh ar naithreadh mé, agus do bhí mé ar lasádh do ghrádh Dé, amhail agus atatháoisi uile a niu.
4 Agus do bhí mé ag gérleanmhuin na sligheadhso gus an mbás, ag ceangal fhear agus ban agus dá dtarraing chum priosúin.
5 Mar do ní uachdarán na sagurt fós fíadhnuisi dhamh, agus na sinnsir uile: ó fuáir mé litreacha mar an gcéudna chum na mbrathar, ré dul go Damascus, ar chor go dtiubhruínn leam ceanguilte go Híarusalém an mhuinntir do bhí ann sin, dfagháil piannuide.