27 Ann sin ar dteachd do núáchdarán chuige, a dubhairt sé ris; Innis damhsa, an Rómhánach thú? Agus a dubhairt seisean, A seadh.
28 Agus do fhreaguir an túachdarán, As mór an tsuim ar a bhfuáir misi sáoirsi na caithreach sin. Agus a dubhairt Pól, Achd is ann a rugadh misi.
29 Ar a nadhbharsin an luchd do bhí ar tí a sgíursaighe do imthigheadar úadh ar an mball: agus mar an gcéadna do ghabh eagla an túachdarán, ar bhfagháil a fheasa gur Rómhánach é, agus go dtug sé fa deara a cheangal.
30 Agus ar na mhárach ar mbeith dhó fonnmhair air dheimhin sgéul dfagháil créd í an choir do chuirfidis na Iúdaighe na aghuidhsion, do sgáoil sé é ó na chuibhrighibh, agus tug sé aithne dúachdaráin na sagart agus dá gcomhairle uile teachd do lathuir, agus ar dtabhairt Phóil amach, do chuir sé ann a bhfíadhmuisi é.