5 Mar do ní uachdarán na sagurt fós fíadhnuisi dhamh, agus na sinnsir uile: ó fuáir mé litreacha mar an gcéudna chum na mbrathar, ré dul go Damascus, ar chor go dtiubhruínn leam ceanguilte go Híarusalém an mhuinntir do bhí ann sin, dfagháil piannuide.
6 Agus tárla dhamh, ar mo thuras, ar rochdain damh go gar do Dhamascus timcheall mheadhóin láoi, gur dheallruigh solus mór ó neamh go hobann am thimcheall.
7 Agus do thuit mé ar talamh; agus do chúaluidh mé gúth dá rádh rium, A Sháuil, a Sháuil, créd fá ngérleanann tú mé?
8 Agus do fhreaguir misi, Cia thú féin, a Thighearna? Agus a dubhairt seisean rium, As misi Iósa Nasardha ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin.
9 Agus na dáoine do bhí am fhochair do chunncadar an solas go deimhin, agus do ghabh eagla íad; gidheadh ní chúaladar gúth an té do labhuir rium.
10 Agus a dubhairt mé, Créd do dhéuna mé, a Thighearna? Agus a dubhairt an Tighearna rium, Eirigh, agus imthigh go Damascus; agus inneósdar dhuit ann sin gach uile ní dár hórduigheadh dhuit dó dhéunamh.
11 Agus mar nach raibh amharc agam tré ghlóir na soillsi sin, do threóruigheadar mo luchd éintsligheadh ar láimh mé, nó go dtáinic mé go Damascus.