1 Agus ar ngérfhéachuin do Phól, ar an gcomhairle, a dubhairt sé, A dháoine agus a bhráithreacha, do rinne misi seirbhís do Dhía an gach uile choinsías mhaith gus an lá a niugh.
2 Achd do aithin Ananías an tárdsagart do na dáoinibh do sheas láimh ris a bhúaladh ar a bhéul.
3 Ann sin a dubhairt Pól risean, Buáilfidh Día thusa, a bhalla fionáolta: an suidheann tú do dhéunamh breitheamhnuis orumsa do réir an dlighe, agus an dtabhuir tú áithne mo bhúaladh a uaghuidh an dlighe?
4 Achd a dubhradar an mhuinntir do sheas láimh ris, An bhfuil tú ag imdheargadh árdsagart Dé?
5 Agus a dubhairt Pól, Ni raibh a fhios agam, a bhráithreacha, gur bhé an tárdsagart é: óir atá sgríobhtha, Ní abeóra tú olc ré úachdarán do phobuil.
6 Agus ar na thuigsin do Phól go raibh cuid aca na Saduchíneachuibh, agus an chuid eile na Bhphairisíneachuibh, do éigh sé a lathair na comhairle, A dháoine agus a bhráithreacha, as Phairisineach misi, mhac Phairisinigh: fá shúil do bheith agam ré heiseirghe na marbh atáim dom éiliughadh.
7 Agus an tan a dubhairt sé so, do éirigh imreasan eidir na Phairisinigh agus na Saduchínigh: agus do roinneadh an coimhthionól.