14 Agus ar ndul chum na nárdsagurt agus na sinnsear dóibh, a dubhradar, Tugamairne móid agus mionna, nách blaisfemís ní ar bith no go marbhamaoís Pól.
15 Ar a nadhbharsin íarruidhsi ar a núachdarán do thoil na cómhairle a thabhairt dá bhur láthuir a márach, mar do bhíadh sibh ar ti fios a ghníomharthadh dfagháil ní as iomláine: agus arámáoidne, ullamh chum a mharbhtha, ní as táosga ná thiocfas sé chuguibhsi.
16 Achd an tan do chúaluidh mac deirbhsheathar Phóil na cealga so, tháinic sé agus do chúaidh sé a steach don chaisléun, agus dinnis sé so do Phól.
17 Ann sin ar ngairm áoin do na caiptínibh chuige do Phól, a dubhairt sé, Beir an tógánachsa leachd chum an úachdaráin: óir atá ní aige ré a innisin dó.
18 Agus rug an caiptín an tógánach leis, chum a núachdaráin, agus a dubhairt sé, Do ghoir an príosúnach Pól chuige mé, agus díarr sé orum an tógánach so agá bhfuil ní do inneósadh sé dhuit, do thabhairt chugad.
19 Agus ar mbreith ar láimh a nógánaigh don núachdarán, rug sé leis a leathtáoibh é, agus dfíafruigh sé dhe, Créud atá agad ré a innisin damhsa?
20 Agus a dubhairt an tógánach, Do rinneadar na Iúduighe do choimhairle a íarraidh ortsa Pól do thabhuirt amch a márach chum an choimhthionóil, mar do bheidís ar tí a chéasdugha níos géire.