17 Ann sin ar ngairm áoin do na caiptínibh chuige do Phól, a dubhairt sé, Beir an tógánachsa leachd chum an úachdaráin: óir atá ní aige ré a innisin dó.
18 Agus rug an caiptín an tógánach leis, chum a núachdaráin, agus a dubhairt sé, Do ghoir an príosúnach Pól chuige mé, agus díarr sé orum an tógánach so agá bhfuil ní do inneósadh sé dhuit, do thabhairt chugad.
19 Agus ar mbreith ar láimh a nógánaigh don núachdarán, rug sé leis a leathtáoibh é, agus dfíafruigh sé dhe, Créud atá agad ré a innisin damhsa?
20 Agus a dubhairt an tógánach, Do rinneadar na Iúduighe do choimhairle a íarraidh ortsa Pól do thabhuirt amch a márach chum an choimhthionóil, mar do bheidís ar tí a chéasdugha níos géire.
21 Uime sin na tabhuirsi áonta dhóibh: oír atá ós cionn dá fhichead fear dhíobh a luigheachán air noch thug a mionna, nach íosaidís agus nach ióbhaidís nó go marbhaídís é: agus atáid síad ullamh a nois, ag feitheamh réd ghealladhsa.
22 Agus do léig an túachdarán an tógánach úadh, ar na áithne dhe, Gan a fhios do thabhairt do dhuine ar bith gur fhóillaigh sé na neithesi dhó féin.
23 Agus do goir sé dhá chaiptín airighe chuige, agus a dubhairt sé, Ullmhuighidh dhá chéud saighdiúir rachas go Séasarea, agus deíchneabhar agus trí fichid marcach, agus da chéud do luchd gaéthe, ón trés úair do noidhche amach;