24 Agus mar an gcéudna ullmhuighidh eachruidh iomchórus Pól slán, chum an árdúachdaráin Félics:
25 Agus do sgríobh sé litir an sa bhfoirmse:
26 Beatha agus sláinte ó Chlaudius Lísias chum a nárdúachdaráin ro oidheirc Félics.
27 An tan do bhí an fearso tar éis a ghabhála ag na Iúduighibh, agus íad iar tí a mharbhtha: tháinig misi orrtha le slúagh, agus an tan fúair mé sgéula gur Rómhánach é, do bheanus díobh é.
28 Agus mar bhí a fhonn orum fios sgéul dfagháil créd é an tadhbhar far éiligheadar é, tug mé amach chum a gcomhairlesean é:
29 Do thuig mé gur fá cheasduibh a dtimcheall a ndlighidh féin do héiliughadh é, agus nách raibh coir bháis na bhraighdeanuis ar bith air.
30 Agus an tráth do hinniseadh dhamhsa gur mhián ris na Iúduighibh luigheachán do chur air, do chuir mé ar an mball chugadsa é, agus a dubhairt mé fós ré luchd a éilighthe gach ádhbhar dá mbeith aca air a chur na leith ad fhíadhnuisisi. Slan riot.