30 Agus an tráth do hinniseadh dhamhsa gur mhián ris na Iúduighibh luigheachán do chur air, do chuir mé ar an mball chugadsa é, agus a dubhairt mé fós ré luchd a éilighthe gach ádhbhar dá mbeith aca air a chur na leith ad fhíadhnuisisi. Slan riot.
31 Uime sin do réir mar do háithnigheadh do na saighdiúiribh; rugadar Pól leó, ann sa noidhche go Hantipatris.
32 Agus lá ar na mhárach do léigeadar do mharcshlúagh dul leisean, agus dfilleadar féin don chaisléun:
33 Agus, a núair rangadar go Séasáréa, agus tugadar an litir do núachdarán, do chuireadar Pól na sheasamh na fhiadhnuisi.
34 Agus tar éis a léighthe do nuachdarán, agus a fhiáfruighe dhesan gá tír dhó. Agus ar naithniughadh gur ab ó Chilíchia é;
35 A dubhairt sé, Eisdfidh mé riot, an tan thiocfuid luchd théilighthe mar an gcéudna. Agus do áithin sé eisean do choimhéud a gcúirt Ióruáigh.