5 Agus a dubhairt Pól, Ni raibh a fhios agam, a bhráithreacha, gur bhé an tárdsagart é: óir atá sgríobhtha, Ní abeóra tú olc ré úachdarán do phobuil.
6 Agus ar na thuigsin do Phól go raibh cuid aca na Saduchíneachuibh, agus an chuid eile na Bhphairisíneachuibh, do éigh sé a lathair na comhairle, A dháoine agus a bhráithreacha, as Phairisineach misi, mhac Phairisinigh: fá shúil do bheith agam ré heiseirghe na marbh atáim dom éiliughadh.
7 Agus an tan a dubhairt sé so, do éirigh imreasan eidir na Phairisinigh agus na Saduchínigh: agus do roinneadh an coimhthionól.
8 Oír a deirid na Saduichínigh nach bhfuil eiséirighe ann, na aingeal, ná spiorad: achd admhuighid na Phairisínigh íad so uile.
9 Ar a nadhbharsin do tógbhadh gáir mhór: agus ar néirghe do na sgríobuidhibh do tháobh na Bhphairisíneach, do chathaigheadar na naghaidhsean, agus a dubhradar, Ní fhaghmáoidne olc ar bith sa nóglachsa: achd má labhair spiorad nó aingeal ris, na cathuigheamne a naghaidh Dé.
10 Agus an tan do éirigh ceannairce mhór eatarra, deagla go dtairreóngaidís Pól as a chéile, daithin an túachdarán do na saighdiúiribh dul síos, agus a fhúadach as a lár, agus a bhreith don chaisléun.
11 Agus a noidhche na dhiáigh sin do sheas an Tighearna láimh ris, agus a dubhairt sé, Bíodh meisneach mhaith agad, a Phóil: óir do réir mar do rinne tú fíadhnuisi am thimcheallsa a Niarusalém, as mar sin as éigean duit fíadhnuisi dhéunamh sa Róimh.