8 Oír a deirid na Saduichínigh nach bhfuil eiséirighe ann, na aingeal, ná spiorad: achd admhuighid na Phairisínigh íad so uile.
9 Ar a nadhbharsin do tógbhadh gáir mhór: agus ar néirghe do na sgríobuidhibh do tháobh na Bhphairisíneach, do chathaigheadar na naghaidhsean, agus a dubhradar, Ní fhaghmáoidne olc ar bith sa nóglachsa: achd má labhair spiorad nó aingeal ris, na cathuigheamne a naghaidh Dé.
10 Agus an tan do éirigh ceannairce mhór eatarra, deagla go dtairreóngaidís Pól as a chéile, daithin an túachdarán do na saighdiúiribh dul síos, agus a fhúadach as a lár, agus a bhreith don chaisléun.
11 Agus a noidhche na dhiáigh sin do sheas an Tighearna láimh ris, agus a dubhairt sé, Bíodh meisneach mhaith agad, a Phóil: óir do réir mar do rinne tú fíadhnuisi am thimcheallsa a Niarusalém, as mar sin as éigean duit fíadhnuisi dhéunamh sa Róimh.
12 Agus ar néirghe don lá, do chruinnigheadar dream áirighe do na Iúdaighibh a gceann a chéile, agus tugadar mionna, nách iósadís agus nach iobhadís nó go marbhaidís Pól.
13 Agus do bhádar os cionn da fhichead fear do rinne an coimhcheangalso re chéile.
14 Agus ar ndul chum na nárdsagurt agus na sinnsear dóibh, a dubhradar, Tugamairne móid agus mionna, nách blaisfemís ní ar bith no go marbhamaoís Pól.