1 Agus a gcionn chúig lá na dhiáigh sin tháinig Ananias an tárdsagurt a núas maille ris na sinnsearuibh, agus ré Tertullus fear deagh labhartha áirighe, noch do fhoillsigh íad féin a bhfiadhnuisi a núachdaráin a naghuidh Phóil.
2 Agus a núair do goireadh amach é, do thionnsguin Tertullus a éiliughadh, ag rádh,
3 A Fhélix ro oirdheirc, admhamáoid go follus, agus an gach áonáit, maille ré gach uile bhuidheachas, go bhfuilmíd ag fagháil iomud siódhchana thriódsa, agus go bhfuilid mórán do neithibh tré do ghliocasa ar na gceartughadh a measg an chinidhsi.
4 Achd deagla, go dtuirseóchuinn thú ní sa mhó, guidhim thú dod mhóircheart féin, éisdeachd linn go haithghearr.
5 Oír do fuaramar an fearsa mar phláigh, agus ag cur cheannairc eidir na Iúduighibh uile ar feadh an domhuin, agus na cheannfeadhna dórd na Nasaréunach: