24 Agus a gcionn laetheadh áirighe, ar mbeith do Fhélics maille ré na mhnáoi Drusilla, noch do bhí na Iúdaighe a lathair, do chuir sé fios ar Phól, agus do éisd sé ris a dtimcheall an chreidimh a Gcríosd.
25 Agus an tan do labhair sé riu a dtimcheall na firéantachda, agus na measarrdhachda, agus an bhreitheamhnuis atá ag teachd, ar gcriothnughadh Dfélics, a dubhairt sé, Imthigh romhad a nois; agus a núair bhías úain agamsa air, cuirfidh mé fios ort.
26 Agus do bhí súil aige fós go dtiubhradh Pól airgead dó do chionn a sgáoilte: air a nadhbharsin ag cur feasa air go minic, do labhradh sé ris.
27 Agus ar gcoimhliónadh dhá bhlíadhan táinic Porcius Festus a náit Fhélics: agus ar mbeith fonnmhar Dfelics air bhuídheachus na Niúdaigheadh do thuilleamhuin, dfag sé Pól ceanguilte.