23 Uime sin ar na mhárach, táinic Agrippa, agus Bernice re poimp ro mhóir, agus do chúadar a steach maille rís na húachdaránuibh, agus ré maithibh na caithreacha, go teagh na cúirte, agus ar na áithne Dfestus tugadh Pól a láthuir.
24 Ann sin a dubhairt Festus, A rí Agrippa, agus a bhfuiltí do dháoinibh a láthair ann so, do chithí an fearso agá dtangadar pobal na Niudaigheadh go huilidhe a Niárusalém, agus ann so, chugamsa na thimcheall, ag éighmhe nár chóir a bheith beó ni as faide.
25 Achd a núair do thuig misi nách dearna sé ní ar bith do thuill bás, agus go ndeachuidh sé féin ar comairce Augustus, do chuir mé romham a chur chuige.
26 Agus ní feas damh éainní áirighe do sgriobhthuinn chum mo thighearna na thímcheall. Ar a nadhbharsin tug mé bhur láthuirsi é, agus go mótmhór dod láthuirsi, a rí Agrippa, ionnus, ar na cheasdughadh, go mbeith agam ní do sgríobhthuinn:
27 Oír do chíthear dhamhsa gur neimhréasúnta príosúnach do chur uáim, agus gan na cúiseanna atá na aghaidh dfoillsiughadh.