13 Do chunairc mé a rí a meadhon láoi sa tslighe solus ó neamh, bá mó ná soillse na gréine, noch do dheallruidh um thimcheallsa agus a dtimcheall na druinge do bhí um fhochair sa tslighe.
14 Agus ar dtuitim dhúinn uile ar talamh, do chúalaidh mé gúth ag labhairt riom, agus ag rádh sa dteangaidh Eabhra, A Sháuil, a Sháuil, créd fa bhfuil tú ag gérleanmhuin orum? is cruidh dhuit beith ag gabháil dod shálaibh a naghaidh dhealg.
15 Agus a dubhairt misi, Cía thú féin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision, Is misi Iósa ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin.
16 Achd éiridh súas, agus seas ar do chosaibh: óir is chuige so do fhoillsigh mé féin duit, do chum go nóirdeóchainn thú ad oglach agus ad fhiadhnuise, ní hé amháin ar na neithibh do chunnairc tú, achd mar an gcéudna ar na neithibh ann a bhfoillseóchar dhuit mé;
17 Dod sháoradh on bpobal, agus ó na Cineadhachaibh, chum a bhfuilim anois dod chur,
18 Chum a súl dosgladh, agus chum a bhfillte ó dhorchadus chum an tsolais, agus ó chúmhachdaibh Shatáin chum Dé, chum maithfeachais na bpeacadh dfágháil dóibh, agus oidhreachda a measg na muinntire atá ar na náomhadh tré chreideamh ionnamsa.
19 Uime sin, a rí Agrippa, ní raibh mé easumhal don táidhbhse neamhdha: