17 Dod sháoradh on bpobal, agus ó na Cineadhachaibh, chum a bhfuilim anois dod chur,
18 Chum a súl dosgladh, agus chum a bhfillte ó dhorchadus chum an tsolais, agus ó chúmhachdaibh Shatáin chum Dé, chum maithfeachais na bpeacadh dfágháil dóibh, agus oidhreachda a measg na muinntire atá ar na náomhadh tré chreideamh ionnamsa.
19 Uime sin, a rí Agrippa, ní raibh mé easumhal don táidhbhse neamhdha:
20 Achd do fhógair mé do luchd Dhamascus ar tús, agus a Niarusalem, agus ar feadh région thíre Iúdaighe go huilidhe, agus do na Cineadhachaibh, aithreachus do dhéanamh agus filleadh chum Dé, ag déunamh oibreacha iomchúbhaidh don aithrighe.
21 Ar son na nadhbharsa do rugadar na Iudaighe sa teampall oram, agus do chuireadar rompa mo mharbhadh.
22 Gidheadh tug Día cobháir dhamh, agus do sheas mé gus a niu, ag déunamh fíadhnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a rádh dhamh achd na neithe a dubhradar na fáidhe agus Maóisi do bheith chum teachda:
23 Go bhfuiléongadh Críosd, agus go madh hé céidneach do éiréochadh ó mharbhaibh é, agus go bhfoillséochadh sé solus don phobalsa, agus do na Cineadhachaibh.