2 Mesauim gur sona mé, a rí Agrippa, ó bheith a niúgh chum labhartha ar mo shon féin ad fhíadhnuisise sna huile neithibh ann a néilighid na Iúdaighe mé:
3 Go mórmhór do bhrígh gur feasach dhamh, thusa do bheith eólghach a nuile ghnáthaighibh agus cheasduibh na Niúdaigheadh: ar a nadhbharsin guidhim thú fá éisdeachd ríum go foighideach.
4 Is aithne do na Iúdaighibh uile, mo bheathasa ó móige, agus cionnus do bhí sí a measg mo chinidh féin a Niárusalém ó thosach;
5 Noch do aithin mé roimhe so, (dá madh áil ríu fíadhnuise do dhéunamh,) ar mbeith dhamh am Fhphairisineach ó mó shinnsearaibh do réir ríaghla a núird ro dhírighse aguinne.
6 Agus a nois seasuim ar mbeith dhamh dom éiliughadh tré dhóthchus na geallamhna do rinne Día dár naithribh:
7 Ré a bhfuil súil ag ar nda threibh dhéugne, ag déanamh seirbhíse do Dhía do ló agus dóidhche go gnáthach. Is do tháobh an dóthchais sin, a rí Agrippa, eilighid na Iúdaighe misi.
8 Créd fá a measdar ribhse mar ní díchreidmheach, go ndúisigheann Día na mairbh?