24 Agus ar mbeith dhó ag rádh na neitheadhsa ar a shon féin, a dubhairt Festus do ghúth mhór, Atá tú ar buile, a Phóil; cuiridh iomad foghlomatha ré cúthach thú.
25 A dubhairt Pól an tan sin; A Fhéstuis ro oidheirc, ní bhfuilimse ar buile; achd labhruim bríathra na fírinee go céillighe.
26 Oír atá fios na neitheannsa ag an rí, agá labhraimse go dána na lathair: óir ní shaóilim go bhfuil ainbhfios éainneithe dhíobh so air; oír ní a gclúid do rinneadh so.
27 A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáidhe? Atá a fhios agam go gcreidir.
28 A dubhairt Agrippa an tan sin ré Pól, Is beag nách ttairrngeann tú mé chum bheith am Chríosduighe.
29 Agus a dubhairt Pól, Do bfearr leam go bhfaghuinn dathchuinge ó Dhía, ní hé amháin thusa, achd mar an gcéudna an mhéid éisdeas riom aniu, bheith go híomlán, cosmhail ríom féin, achd na geimhleachasa amháin.
30 Agus ar na rádh so dhó, do éiridh an rí súas, agus an túachdarán, agus Bernice, agus an dream do shuidh na bhfochaire.