9 Go deimhin do mheas misi ionnam féin, gur chóir dhamh mórán do neithibh contrarrdha do dhéanamh a naghaidh anma Iósa Nasárrdha.
10 Noch do rinne mé mar ann gcéudna a Níarusalém: óir do chuir mé iomad do na náomhuibh a bpríosúnaibh, ar bhfagháil cúmhachd dhamh ó úachdaránaibh na sagurt; agus an tan do básuigheadh íad, tug misi máonta.
11 Agus ag tabhairt pionúis dóibh go minic trés na huile shinagogaibh, do choimhéignigh mé íad, chum blasphéime labhairt; agus ar ndul damh tar mhodh ré buile na naghaidh, do rinne mé gérleanmhuin orrthu a gcaithreachaibh coigcríche.
12 Fá a namsin ar mbeith dhamh fós ag dul go Damascus lé cúmhachdaibh agus lé barántus na nárdsagurt,
13 Do chunairc mé a rí a meadhon láoi sa tslighe solus ó neamh, bá mó ná soillse na gréine, noch do dheallruidh um thimcheallsa agus a dtimcheall na druinge do bhí um fhochair sa tslighe.
14 Agus ar dtuitim dhúinn uile ar talamh, do chúalaidh mé gúth ag labhairt riom, agus ag rádh sa dteangaidh Eabhra, A Sháuil, a Sháuil, créd fa bhfuil tú ag gérleanmhuin orum? is cruidh dhuit beith ag gabháil dod shálaibh a naghaidh dhealg.
15 Agus a dubhairt misi, Cía thú féin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision, Is misi Iósa ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin.