1 Agus ar ttabhairt breatha dhóibh go seolfamaóis gus an Neadáill, tugadar Pol agus bráighde áirighe eile, do chaiptin bhanna Agustus, dár bhainm Iúlius.
2 Agus ar ndul dúinn a luing do longaibh Adramitium, do chuireamar romhuinn, séoladh ré táobh chósdadh na Hásia; agus do thógbhamar ar séolta, agus do bhí Aristarcus Macedónach ó Thessalonica, ann ar gcuideachda.
3 Agus an lá na dhiáigh sin tangamar go Sídon. Agus ar mbeith go muinntearrdha ré Pól do Iúlius, dfulaing sé dhó dhul dfios a charad chum comhfurtachda dfaghail úathadh.
4 Agus ar nimtheachd dhúinn as sin, do shéolamar ré taóibh Chípruis, do bhrígh go raibh an gháoth contrarrdha dhúinn.
5 Agus ar séoladh dhúinn trés an bhfairrge láimh ré Cilícia agus ré Pamphília, tangamar go Míra, cathair a Lícia.