10 Ag rádh ríu, A dhaóine, do chím go mbiáidh bhur luingséorachd maille ré dóchar agus ré dul amúgha mór, ní hé amháin na iadála agus na luinge, achd ar nanmann féin mar an gcéudna.
11 Gidheadh is mó do chreid an caiptin an túachdarán agus maighisdir na luinge, ná na neithe a dubhairt Pól.
12 Agus ar mbeith don chúan neamhgharamhail aca re hanmhuin ann sa gheimhreadh, do rinnidh a normhór do chomhairle sgaóileadh as, dféuchain an bhféudfaidis air éanchor teachd go Phenice, chum an gheimhridh do chaitheamh ann; cúan do chúantuibh Chrétá, atá ar na shuidhuighadh a níardndeas agus a níardtuáidh.
13 Agus ar séideadh go cíuin don gháoith a ndeas, ar na sháoilsin dóibhsean go néiréochadh a dturas ríu, ar dtógbháil a séoltadh dhóibh, do shéoladar ní sa ghoire do Chréta.
14 Achd go haithghearr na dhiáigh sin do shéid gáoth sdoirmeamhail, do bhí na gáoith a noirdthuáidh ar a noiléun.
15 Agus ar mbeith don luing dá fúadach, agus gan neart aice cur a naghaidh na gáoithe, ar na léigean ris an ngáoith do shéoil sí roimhe.
16 Agus ar ndul a sdeach go dían dúinn fá oileun bheag áirighe dar ab ainm Clauda, is ar éigin rugamar ar an mbád: