11 Gidheadh is mó do chreid an caiptin an túachdarán agus maighisdir na luinge, ná na neithe a dubhairt Pól.
12 Agus ar mbeith don chúan neamhgharamhail aca re hanmhuin ann sa gheimhreadh, do rinnidh a normhór do chomhairle sgaóileadh as, dféuchain an bhféudfaidis air éanchor teachd go Phenice, chum an gheimhridh do chaitheamh ann; cúan do chúantuibh Chrétá, atá ar na shuidhuighadh a níardndeas agus a níardtuáidh.
13 Agus ar séideadh go cíuin don gháoith a ndeas, ar na sháoilsin dóibhsean go néiréochadh a dturas ríu, ar dtógbháil a séoltadh dhóibh, do shéoladar ní sa ghoire do Chréta.
14 Achd go haithghearr na dhiáigh sin do shéid gáoth sdoirmeamhail, do bhí na gáoith a noirdthuáidh ar a noiléun.
15 Agus ar mbeith don luing dá fúadach, agus gan neart aice cur a naghaidh na gáoithe, ar na léigean ris an ngáoith do shéoil sí roimhe.
16 Agus ar ndul a sdeach go dían dúinn fá oileun bheag áirighe dar ab ainm Clauda, is ar éigin rugamar ar an mbád:
17 Noch do thógbhadar súas, agus do fhéuchadar gach uile ghléus cabhartha, ag creasughadh na luinge fáoithe; deagla go mbuáilfedís a ngaineamh béo, agus ar léigean a séolta síos dóibh, do hiomchradh íad mar sin.