15 Agus ar mbeith don luing dá fúadach, agus gan neart aice cur a naghaidh na gáoithe, ar na léigean ris an ngáoith do shéoil sí roimhe.
16 Agus ar ndul a sdeach go dían dúinn fá oileun bheag áirighe dar ab ainm Clauda, is ar éigin rugamar ar an mbád:
17 Noch do thógbhadar súas, agus do fhéuchadar gach uile ghléus cabhartha, ag creasughadh na luinge fáoithe; deagla go mbuáilfedís a ngaineamh béo, agus ar léigean a séolta síos dóibh, do hiomchradh íad mar sin.
18 Agus ar mbeith dhúinn an lá na dhiaigh sin, dár dteilgean ó thoinn go toinn rés dóirm ro mhóir, do theilgeadar a nearruidhe amach;
19 Agus an treas lá do theilgeamar amach lé ar lámhuibh oirnéis na luinge féin.
20 Agus ar mbeith don ghréin agus do na réultaibh gan soillsiughadh dhúinn móráin do láethibh, agus ar luighe do sdóirim nár bheag orainn, rugadh uáinn gach uile dhóthchas cabhartha dá raibh aguinn ó sin amach.
21 Agus ar mbeith dhúinn a bhfad gan bíádh, do sheas Pól iona meadhon, agus a dubhairt sé, A fheara, do bhfearr dháoibh aire do thabhairt dhamhsa, agus gan sgáoileadh ó Chrétá, ionnus go seachónadh sibh an docharsa agus an dioghbháil.