20 Agus ar mbeith don ghréin agus do na réultaibh gan soillsiughadh dhúinn móráin do láethibh, agus ar luighe do sdóirim nár bheag orainn, rugadh uáinn gach uile dhóthchas cabhartha dá raibh aguinn ó sin amach.
21 Agus ar mbeith dhúinn a bhfad gan bíádh, do sheas Pól iona meadhon, agus a dubhairt sé, A fheara, do bhfearr dháoibh aire do thabhairt dhamhsa, agus gan sgáoileadh ó Chrétá, ionnus go seachónadh sibh an docharsa agus an dioghbháil.
22 Agus a nois guidhim sibh fá mheisnigh mhaith do bheith agaibh, óir ní chaillfidh éunduine agaibh a anum, achd an lúng amháin.
23 Oír do sheas aingeal Dé lér ab rís misi, agus dá ndéunuim serbhís, sa noidhche a nochd láimh rium,
24 Ag rádh, Na bíodh eagla ort, a Phóil; is éigean duit seasamh a lathair Shéasair: agus, féuch, do thiodhlaic Dia dhuit an mhéid shéolus maille riot.
25 Uime sin, a fheara, bíodh meisneach mhaith agaibh: óir creidimse Día, gurab amhluidh bhías sé mar a dubhradh leam.
26 Thairis sin, is éigeann dúinn búaladh fá oiléun áirighe.