22 Agus a nois guidhim sibh fá mheisnigh mhaith do bheith agaibh, óir ní chaillfidh éunduine agaibh a anum, achd an lúng amháin.
23 Oír do sheas aingeal Dé lér ab rís misi, agus dá ndéunuim serbhís, sa noidhche a nochd láimh rium,
24 Ag rádh, Na bíodh eagla ort, a Phóil; is éigean duit seasamh a lathair Shéasair: agus, féuch, do thiodhlaic Dia dhuit an mhéid shéolus maille riot.
25 Uime sin, a fheara, bíodh meisneach mhaith agaibh: óir creidimse Día, gurab amhluidh bhías sé mar a dubhradh leam.
26 Thairis sin, is éigeann dúinn búaladh fá oiléun áirighe.
27 Agus ar dteachd don cheathramhadh oidhche déug, ar mbeith dhúinn dar dteilgean ó thoinn go toinn ag Adriá, a dtimcheall mheadhóin oidhche do sháoileadar na mairnéulaidh go rabhadar bhfogus do thír éigin;
28 Agus ar léigean an luáidhe sios dóibh, fúaradar é na fhichíd fead ar dhoimhne: agus ar ndul as sin beagán dóibh, ar léigean an luáidhe síos arís dóibh, fúaradar é na chúig fheadaibhdéug.