29 Agus ar mbeith dhóibh eaglach fá bhúaladh fá ionadaibh garbha, ar dteilgean ceithre nancaireah ó dheireadh na luinge dhóibh, do bfearr léo go mbíadh an lá ann.
30 Agus ar mbeith do na mairnéulachaibh ar tí teitheamh as an luing, agus ar léigéan an bháid síos dóibh sa bhfairrge, mar do bhedís ar tí ancaireadh do shíneadh amach ó thosach na luinge,
31 A dubhairt Pól ris an gcaiptin agus ris na saighdiuiribh, Muna bhfanaid so sa luing, ní héidir síbhse shábháil.
32 Do ghearradar na saighdiúiri an sin téuda an bháid, agus do léigeadar dhó tuitim amach.
33 Agus an feadh do bhí an lá ag éirighe, tug Pól do chomhairle dhóibh uile bíadh do chaitheamh, ag rádh, A sé so an ceathramhadh lá déug dhíbh ag fuireadh bhar dtrosgadh, gan bhíadh ar bíth do chaitheamh.
34 Uime sin guidhim sibh fá bhíadh chaitheamh: óir is ní bheanus ré bhur slainte é: óir ní rachaidh ruáinne cinn éunduine aguibh a múgha.
35 Agus ar rádh na neitheadh so dhó, agus ar nglacadh aráin, rug sé buidheachas ré Día na bhfíadhnuise uile: agus ar mbriseadh a naráin dó, do thionnsgain sé a ithe.