31 A dubhairt Pól ris an gcaiptin agus ris na saighdiuiribh, Muna bhfanaid so sa luing, ní héidir síbhse shábháil.
32 Do ghearradar na saighdiúiri an sin téuda an bháid, agus do léigeadar dhó tuitim amach.
33 Agus an feadh do bhí an lá ag éirighe, tug Pól do chomhairle dhóibh uile bíadh do chaitheamh, ag rádh, A sé so an ceathramhadh lá déug dhíbh ag fuireadh bhar dtrosgadh, gan bhíadh ar bíth do chaitheamh.
34 Uime sin guidhim sibh fá bhíadh chaitheamh: óir is ní bheanus ré bhur slainte é: óir ní rachaidh ruáinne cinn éunduine aguibh a múgha.
35 Agus ar rádh na neitheadh so dhó, agus ar nglacadh aráin, rug sé buidheachas ré Día na bhfíadhnuise uile: agus ar mbriseadh a naráin dó, do thionnsgain sé a ithe.
36 Ann sin ar ngabháil meisnighe chuca do cách uile, do chaitheadar bíadh mar an gcéudna.
37 Agus a sé uibhir dháoine do bhámair sa luing dha chéd sé fir dhéug agus trí fichid.