33 Agus an feadh do bhí an lá ag éirighe, tug Pól do chomhairle dhóibh uile bíadh do chaitheamh, ag rádh, A sé so an ceathramhadh lá déug dhíbh ag fuireadh bhar dtrosgadh, gan bhíadh ar bíth do chaitheamh.
34 Uime sin guidhim sibh fá bhíadh chaitheamh: óir is ní bheanus ré bhur slainte é: óir ní rachaidh ruáinne cinn éunduine aguibh a múgha.
35 Agus ar rádh na neitheadh so dhó, agus ar nglacadh aráin, rug sé buidheachas ré Día na bhfíadhnuise uile: agus ar mbriseadh a naráin dó, do thionnsgain sé a ithe.
36 Ann sin ar ngabháil meisnighe chuca do cách uile, do chaitheadar bíadh mar an gcéudna.
37 Agus a sé uibhir dháoine do bhámair sa luing dha chéd sé fir dhéug agus trí fichid.
38 Agus tar éis a saith bídh do chaitheamh dhóibh, do éudromuigheadar an lung, ar dteilgean na croithneachda amach fán bhfairge.
39 Agus ar néirghe don ló, ní raibh fios na tíre sin aca: achd tugadar caladh áirighe dha naire ann a raibh tráigh, ann ar áontuigheadar, an lung do shathadh, dá madh éidir ríu.