40 Agus ar dtógbháil na nancaireadh dhóibh, do léigeadar an lung fán bhfairge, agus ar sgáoileadh cheangluightheadh na sdiúire dhóibh, mar an gcéudna, do thógbhadar an príomhsheól ris an ngáoith, agus do thríalladar chum na trágha.
41 Agus ar dteagmháil a nionad dhóibh ionar bhuáil dá fháirrge fá chéile, do bhuáileadar an lung fá thalamh; agus ar ndaingniughadh do thosach na luinge, dfan sí gan chorrughadh, agus do sgaoileadh a deireadh ó chéile ré haimhneart na dtonn.
42 Ann sin do rinneadar na saighdiúiri do chomhairle na braighde do mharbhadh, deagla go mbéuradh a shnámh éunduine aca as:
43 Achd ar mbeith don chaiptín, fonnmhar ar Phól do shabháil, do thoirmisg sé iad ón gcomhairlesi; agus do aithin sé don luchd do fhéud snámh íad féin do théilgean amach ar tús, agus dul a dtir:
44 Agus do chách eile, cuid díobh aír chláraibh, agus cuid eile ar chotannaibh brisde áirighe don luing. Agus tárrla mar sin go ndeachadar uile slán fá thír.