5 Agus ar séoladh dhúinn trés an bhfairrge láimh ré Cilícia agus ré Pamphília, tangamar go Míra, cathair a Lícia.
6 Agus ar bhfagháil luinge don chaiptin ó Alecsandria ann sin do bhí ag triali do Neadáill; do chuir sé sinne innte.
7 Agus ar mbeith dhúinn morán do laethibh ag séoladh go mall, agus ar dteachd dúinn ar éigin as comhair Chníduis, do bhrígh nar leig an gháoth dhúinn, do shéolamar a ngar do Chréta, láimh ré Salmóne;
8 Agus, ar séoladh thairis dúinn ar éigin, tangamar go hionad áirighe dá ngoirthear Na cúanta bréagha; dar bhfogus cathair Laséa.
9 Agus ar gcaitheamh mhórain aimsire dhúinn, agus ar mbeith dhár luingséorachd cheana gúasachdach, do bhrígh an troisgidh do dhul cheana thorainn, do bhí Pól dá ccomhairli ughadh,
10 Ag rádh ríu, A dhaóine, do chím go mbiáidh bhur luingséorachd maille ré dóchar agus ré dul amúgha mór, ní hé amháin na iadála agus na luinge, achd ar nanmann féin mar an gcéudna.
11 Gidheadh is mó do chreid an caiptin an túachdarán agus maighisdir na luinge, ná na neithe a dubhairt Pól.