10 Noch mar an gcéudna tug dhúinn onóir mhór; agus ar ndealadh dhúinn ríu, do chuireadar linn na neithe do bhí na riachdanus orainn.
11 Agus a gcionn thrí mhíos na dhiáigh sin do sheólamar a luing do longaibh Alecsándria, do bhí ag caitheamh an ghéimhridh sa noiléun, agus a sé fá comhartha dhi Castor agus Pollux.
12 Agus ar dteachd dúinn go Siracúsa, dfanamar ann trí lá.
13 Agus ar seóladh dhúinn timcheall as sin, tangamar go Rhégium: agus a gcionn laé na dhiáigh sin do shéid an gháoth a ndeas, agus tangamar lá ar na mhárach go Puteóli:
14 Mar a bhfúaramar dearbhraithreacha, agus do chuireadar impidhe oruinn fanmhuin na bhfochair feadh seachdmhuine: agus már sin do thríallamar romhuinn don Róimh.
15 Agus as sin ar bhfagháil ar sgéul do na braithribh, tangadar do theagmháil dúinn go margadh Appius, agus gus na trí táibheirnibh: agus ar na bhfaicsin do Phól, rug sé buidheachus ré Día, agus do ghabh sé meisneach chuige.
16 Agus ar dteachd dúinn don Róimh, tug an caiptín na braighde dáirdghinerál na slógh: achd tugadh cead do Phól bheith ris féin a bhfarradh shaighdiúir do choimhéudfadh é.