12 Agus ar dteachd dúinn go Siracúsa, dfanamar ann trí lá.
13 Agus ar seóladh dhúinn timcheall as sin, tangamar go Rhégium: agus a gcionn laé na dhiáigh sin do shéid an gháoth a ndeas, agus tangamar lá ar na mhárach go Puteóli:
14 Mar a bhfúaramar dearbhraithreacha, agus do chuireadar impidhe oruinn fanmhuin na bhfochair feadh seachdmhuine: agus már sin do thríallamar romhuinn don Róimh.
15 Agus as sin ar bhfagháil ar sgéul do na braithribh, tangadar do theagmháil dúinn go margadh Appius, agus gus na trí táibheirnibh: agus ar na bhfaicsin do Phól, rug sé buidheachus ré Día, agus do ghabh sé meisneach chuige.
16 Agus ar dteachd dúinn don Róimh, tug an caiptín na braighde dáirdghinerál na slógh: achd tugadh cead do Phól bheith ris féin a bhfarradh shaighdiúir do choimhéudfadh é.
17 Agus tárla, a gcionn thrí lá na dhiáigh sin, gur ghoir Pól úaisle na Niúdaigheadh a gceann a chéile: agus ar gcruinniughadh dhóibh, a dubhairt sé ríu. A fheara agus a bhraithreacha, bíodh nách dearna misi éinní a naghaidh an phobail, ná ghnáthnaighe na sinnsear, gidheadh tugadh mé ceangailte ó Ierusalém a lámhaibh na Rómhanach.
18 Noch lér mían tar éis mo theasdaighe, mo léigean fá sgáoil, do bhrígh nach raibh coir ar both bháis orum.