15 Agus as sin ar bhfagháil ar sgéul do na braithribh, tangadar do theagmháil dúinn go margadh Appius, agus gus na trí táibheirnibh: agus ar na bhfaicsin do Phól, rug sé buidheachus ré Día, agus do ghabh sé meisneach chuige.
16 Agus ar dteachd dúinn don Róimh, tug an caiptín na braighde dáirdghinerál na slógh: achd tugadh cead do Phól bheith ris féin a bhfarradh shaighdiúir do choimhéudfadh é.
17 Agus tárla, a gcionn thrí lá na dhiáigh sin, gur ghoir Pól úaisle na Niúdaigheadh a gceann a chéile: agus ar gcruinniughadh dhóibh, a dubhairt sé ríu. A fheara agus a bhraithreacha, bíodh nách dearna misi éinní a naghaidh an phobail, ná ghnáthnaighe na sinnsear, gidheadh tugadh mé ceangailte ó Ierusalém a lámhaibh na Rómhanach.
18 Noch lér mían tar éis mo theasdaighe, mo léigean fá sgáoil, do bhrígh nach raibh coir ar both bháis orum.
19 Achd ar labhairt go contrárdha do na Iúdaighibh, do béigean damh dul fá chomairce Shéasair; ní hé go bhfuil adhbhar ar bith agam fá a neileóchainn mo chineadh.
20 Uime sin is fá a nadhbharsa do chuir mé fios oraibhse, chum bhar bhfaicsiona, agus labhartha ribh: oír is ar son mhuiníghine Israél atáim ceangailte sa slabhradhsa.
21 Agus a dubhradarsan ris, Níor ghlacamairne fíu na leitre ó thír Iúdaighe ad thimcheall, agus ní tháinic fós neach ar bith do na dearbhraithribh dfoillsiughadh ná dinnisin uile ar bith ort.