23 Agus ar ndéunamh láe ris dóibh, tangadar mórán chuige dhá lóisdín; noch dhar fhoillsigh sé rioghachd Dé, maille ré fíadhnuise do dheunamh, dhá dtarraing ré na theagusg chum na neitheadh do bhean ré Híosa, as reachd Mháoisí, agus ann sna faidhibh, ó mhaidin go hoidhche.
24 Agus do aontuigheadar cuid díobh do na neíthibh a dubhairt sé, agus cuid eile nar aontaigh.
25 Agus ar mbeith dhóibh contrárdha dhá chéile, do sgáoileadar as sin, ar rádh na héinbhréithresi do Phól, Is maith do labhair an Spiorad Náomh tré san bhfaidh Esaías ré ar naithreachaibhne,
26 Ag rádh, Imthigh romhad chum an phobailse, agus abair, Cluinfidh sibh ré bhur gclúasaibh, agus ní thuigfidhe; agus do chifidh ré bhur súilibh, agus ní budh leir dháoibh:
27 Oír atá cróidhe an phobailse ar na ramhrughadh, agus do bhádar a gclúasa bodhar chum éisdeachda, agus do cháochadar a súile; deagla go bhfaicfedís ré na súilibh, agus go gcluinfedís ré na gclúasaibh, agus go dtuigfedis ré na gcroidhthibh, agus go bhfillfedís, agus go slaineochainnse íad.
28 Uime sin bíodh a fhios agaibhse, go bhfuil an slánúghadhsa Dé ar na chur chum na Gcineadhach, agus go gcluinfid siadsan é.
29 Agus ar rádh na neitheannsa dhó, do imthigheadar na Iúdaighe amach, agus do bhí iomad diosbóireachda aca eatorra féin.