23 Agus tiocfuidh chuin críche, gidh bé anam, nách éisfidh ris an bhfáidhsin go sgriosfuighthear é as an bpóbal.
24 Agus, dfoillsigheadar na huile fháidhe mar án gcéudna ó Shámuél agus ón druing do lean é ó shoin, an mhéid do labhair dhíobh, na laéthe so.
25 As sibhsi clann na bhfáigheadh, agus na tiomna do rinne Día ré ar naithreachaibh, ag rádh ré Hábraham, Agus ann do shíolsa bheannóchthar cineadhacha na talmhan uile.
26 As chuguibhse ar tús, do chuir Día a Mhac féin Iósa, ar na dhúsachd ó mharbhuibh, dá bhur mbeannughadh, ionnus go bhfilleadh gach áon aguibh ó bhur nolcaibh.