11 A sí so an chloch úd do bhí fá neimhchion aguibhse a sháora, dá ndearnadh ceann an chuáinne.
12 Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.
13 Agus an tan thugadar dhá paire dánachd Pheadair, agus Eóin, agus gur thuigeadar a mbeith na ndáoinibh gan fhogluim gan éolus, do ghabh iongantus íad; agus daithneadar, go rabhadar a bhfochair Iósa.
14 Agus ar bhfaicsin a nfir do bhí ar na shlánughadh na sheasamh na bhfochair, ní raibh éainní aca ré rádh na uaghuidh.
15 Achd ar na fhógra dhóibh dul amach as an gcomhairle, diomraidheadar eatorra féin,
16 Ag rádh, Créud do dhéunam ris an muinntirse? Óir go deimhin atá comhartha foillsightheach aca ar na dheanamh agus is follus do gach áon áitigheas á Niárusalem é; agus ní féidir linne a shéuna.
17 Achd deagla leathnuighthe dhó ní as faide a measg an phóbail, toirmisgeam íad go bagrach, fá labhairt feasda sa náinmse ré duinne ar bith.