21 Agus ar ndéanamh bagair dhoibhsean, do léigeadar úatha íad, mar nach bhfúaradar slighe ar bith chum pionúis do thabhairt dóibh, ar son an phobail: oír thugadar uile glóir do Dhía ar son a neithe do rinneadh ann.
22 Oír do bhí an té air a ndearnadh an comhartha slainte úd, ós cionn dá fhichead bhliadhan dáois.
23 Agus ar na léigean amach, tangadar chum a gcompánách, agus dfoillsigheádar gach a ndubhradar na hárdsaguirt agus ná sinnsir ríu.
24 Agus ar na chlós so dhóibhsean, do thógbhadar súas a ngúth déantoil chum Dé, agus a dubhradar, a Tighearna, is tusa an Día do rinne neamh, agus talamh, agus an fháirge, agus gach a bhfuil ionnta:
25 Noch a dubhairt tré béul Dáibhi do shearbhfhoghantuighe féin, Créud fár lionadar na cineadhacha dfeirg, agus fár smuáineadar na puibleacha neithe díomháoineacha?
26 Do sheasadar ríghthe na talmhan, agus do chruinnigheadar na húachdaráin a bhfochair a chéile, a naghaidh an Tighearna, agus a naghaidh a Chríosd.
27 Oír do chruinnigheadar gan chonntabhairt a bhfochair a chéile, sa chathraighse, Ioruaidh, agus Poinnsius Píoláid, maille ris na Cineadhachuibh, agus ré puibleachaibh Israél, a naghaidh do Mhic náomtha Iósa, noch do óng tú,