5 Agus tárla ar na mhárach, gur chruinnidheadar a núachdaráin, agus a sinnsir, agus a sgríobuidhe,
6 Agus Annas an tárdsagurt, agus Cáiaphas, agus Eóin, agus Ailecsandar, agus gach a raibh do chineul na nárdsagart, a bhfochair a chéile a Níarusalém.
7 Agus an tan do chuireadar a lár íad, dfíafruigheadar, Créud é an túghdarrás, nó an tainm, as a ndearna sibhse a ní so?
8 Ann sin ar mbeith do Pheadar, ar na líonadh don Spiorad Náomh, a dubhairt sé ríu, A úachdaráin an phobuil, agus a shinnseara-Israél,
9 O atámáoidne a niugh air ar dtabhairt chum ceasda a dtimcheall na máitheasa do rinneadh don duine éagcrúaidh, cionnas do slánnuigheadh é;
10 Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuísesi.
11 A sí so an chloch úd do bhí fá neimhchion aguibhse a sháora, dá ndearnadh ceann an chuáinne.