35 Agus a dubhairt sé ríu, A fhiora Israél, tabhraidh bhur naire ribh féin créd do dhéuntáoi a dtáobh na muinntirese.
36 Oír roimhe a naimsirse déirghe Teúdas súas, ag rádh, Go madh neach éigin mór é féin; lércheangail úibhir dháoine, a dtimcheall cheithre gcéud: noch do marbhadh: agus an mhéid dáontuigh dhó, do spréaghadh, agus do chuireadh a neimbrígh íad.
37 Tar éis an fhirse déirghe Iúdás an Galileánach súas a laéthibh an dáoirchíosa, agus do tharruing sé mórán dón phóbal chuige féin: agus do sgriosgadh an fearsa fós; agus do spréaghadh uile, an mhéid tug a náonta dhó.
38 Agus a deirim ribh a nois, Seachnuidh sibh féin ar an muinntirse, agus léigidh dhóibh: oír más ó dháoinibh thig an chómhairle nó a nóbairse, cuirfighthear a neimbrígh é.
39 Achd mas ó Dhía thig sé, ní héidir libh a chur a neimbrígh; air eagla go bhfuighthí ag troid a naghaidh Dé sibh.
40 Agus do áontuigheadar dho: agus ar ngairm na nabsdal dóibh, agus ar ngabháil ortha, tugadar fogra dhóibh gan labhairt a nainm Iósa, agus do léigeadar úatha íad.
41 Ar a nadhbharsin do imthigheadar san go lúathgháireach as amharc na cómhairle, do bhrígh gur measadh gur bhfíu íad easonóir dfulang ar son anma Iósa.