28 Agus dfill sé tar a ais, agus ag súidhe dhó ann a charbad, do léigh sé Esaías fáidh.
29 Agus a dubhairt an Spiorad ré Philib, Druid a bhfogus, agus cuir thú féin a naice an charbaid úd.
30 Agus do rith Philib, agus do chúalaidh sé é ag léughadh a nfíadh Esaías, agus a dubhairt sé, An dtuigeann tú na neithe léigheas tú?
31 Agus a dubhairt seision, Cionnus is éidir leam, muna raibh éolaighe éigin agam? Agus diarr sé ar Philib teachd a nsios, agus suidhe na fhochair.
32 Agus a sé so an mball don sgríobtúir do léigh sé, Mar cháoiridh do rugadh chum báis é; agus amhail uáin na thochd a bhfíadhnuise a nfir lomartha, is mar sin nár osgail sé a bhéul:
33 Ann a úmhlachd do hárduigheadh a bhréitheamhnus: Agus cía fhoillséochas a gheinealach? óir tógthar a bheatha don talamh.
34 Agus ag freagra air Philib, a dubhairt an cailltéanach, Iarruim dathchuinge ort, Cía ré a nabair an fáidh so? an leis féin, nó lé neach eigin eile?