31 Agus a dubhairt seision, Cionnus is éidir leam, muna raibh éolaighe éigin agam? Agus diarr sé ar Philib teachd a nsios, agus suidhe na fhochair.
32 Agus a sé so an mball don sgríobtúir do léigh sé, Mar cháoiridh do rugadh chum báis é; agus amhail uáin na thochd a bhfíadhnuise a nfir lomartha, is mar sin nár osgail sé a bhéul:
33 Ann a úmhlachd do hárduigheadh a bhréitheamhnus: Agus cía fhoillséochas a gheinealach? óir tógthar a bheatha don talamh.
34 Agus ag freagra air Philib, a dubhairt an cailltéanach, Iarruim dathchuinge ort, Cía ré a nabair an fáidh so? an leis féin, nó lé neach eigin eile?
35 Ann sin ar nosgladh a bhéil do Philib, agus ag tosúghadh ón sgriobtúrsa, do sheanmóir se Iósa dhó.
36 Agus ar mbeith dhóibh ag imtheachd sa tslighe, tangadar chum uisge áirighe: agus a dubhairt an cailltéanach, Féuch, an tuisge; créud thoirmisgeas mise bhaisdeadh?
37 Agus a dubhairt Philib, Má chreideann tú go hiomlán ó chroidhe, is éidir leachd. Ar bhfreagra dhósan ann sin a dubhairt sé, Creidim gur ab é Iósa Críosd Mac Dé.