2 Agus díarr sé leitreacha air go Damascus chum na sínagóg, ionnus dá bhfaghadh sé éinneach, dfior nó mhnáoi don tslighese, go dtíubhradh sé ris íad go Hiarusalém ceangailte.
3 Agus ag imtheachd do, tháinic sé a bhfogus do Dhamascus: agus go hobann do dheallruidh soillse neimhe mar theinnteach na thimcheall:
4 Agus ar dtuitim dhó chum na talmhan, do chúalaidh sé gúth ag rádh ris, A Shaúil, a Shaúil, créud fá a bhfuil tú ag gérleanmhuin orum?
5 Agus a dubhairt seision, Cía thu féin, a Thighearna? Agus a dubhairt an Tighearna, As mé Iósa ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin: is crúaidh dhuit bheith ag gabháil dod shálaibh a naghaidh na ndeilg.
6 Agus ar mbeith do Shául ar crith agus lán dúathbhas a dubhairt sé, A Thighearna, créud is áil leachd do dhéunamh dhamh? Agus a dubhairt an Tighearna ris, Eiridh, agus imthigh a sdeach don chathruigh, agus foillséochar dhuit créud is cóir dhuit a dhéunamh.
7 Mar an gcédna an dream do shiúbhail má ráon ré Sául do sheasadar go búaidheartha, ag éisdeachd ris an ngúth, achd gan amharc ar éinneach aca.
8 Agus do éiridh Sául don talamh; ar nosgladh a shúl dó, ní fhacaidh sé éinneach: agus ag breith dhóibhsion ar láimh air, do thréoraigheadar go Damáscus é.