14 Agus tar éis Eóin do chur a bpriosún, táinic Iósa don Ghalilé, ag seanmoir soisgéil rioghachda Dé,
15 Agus ag rádh, Do coimhlíonadh a náimsir, agus do dhruid ríoghachd Dé rinne: déanuigh aithríghe, agus creidigh don tsoisgéul.
16 Agus ar siubhal dó láimh ré fairge na Galilé, do chonnairc sé Síomón agus Aíndrias a dhearbhráthair ag teilgean lín ann sa bhfairge: (óir do budh íasguireadha íad.)
17 Agus a dubhairt Iósa ríu, Leanaidh misi, agus do dhéana mé íasguireadha ar dháoinibh dhíbh.
18 Agus ar bhfagbháil a líontadh ar an mball dóibhsion, do leanadar é.
19 Agus ar nimtheachd dó beagan as sin, do chonnairc sé Séumas mhac Sebede, agus Eoin a dhearbhráthair, agus íad a luing ag córugbadh a líontadh.
20 Agus do ghoir sé íad ar an mball: agus ar bhfagbháil Sebedé a nathar dhóibhsion an sa luing maille ris an luchd túarasdail, do leanadar é.