Marcus 4 BEDELL

Caibidil IV

Cosmhalacht, ar an tsíoladóir, 26 agus fhás an tsíl ós ísiol, gan fhios cionnas.

1 Agus do thionnsgain sé teagasg do dhéanamh láimh ris an bhfairge: agus do chruinnigh slúagh mór chuige, ionnas go ndeachuidh sé a sdeach a luing, agus gur shuidh sé ar an bhfhairge; agus do bhí an slúagh uile ar tír a naice na fairge.

2 Agus do theaguisg sé mórán dóibh a gcosamhlachduibh, agus a dubhairt sé ríu an a theagasg,

3 Eisdigh; Tabhruigh dá bhur naire, do chúaidh an síoladóir amach do chur shíl:

4 Agus tárla ag cur an tsíl dó, gur thuit cuid de chois na slighe, agus tangadar éanlaith an aiéir, agus ditheadar é.

5 Agus do thuit cuid eile dhe a náit clochaidh, mar nach raibh doimhne thalmhan aige; agus ar ball dfás súas, do bhrígh nach raibh morán úir aige:

6 Agus ar néirghe don ghréin do dóigheadh é le teasbhach; agus do bhrígh nach raibh fréumh aige do shearg sé.

7 Agus do thuit cuid eile dhe eidir mhuineach, agus deirgheadar an muineach súas, agus do thachdadar é, agus ní thug sé toradh úadh.

8 Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh úadh déirigh súas agus dfás; agus tug dhe, cuid a deich fichead, agus cuid trí fichid, agus cuid eile céud:

9 Agus a dubhairt sé riu, Gídh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

10 Agus an tan do bhí sé na áonar, do fhíafruigheadar an mhuinntir do bhi na fhochair maille ris an dá fhear dhéug an chosamhlachd dhe.

11 Agus a dubhairt sé ríu, Is dáoibhsi a tugadh éolus ar sheicréid ríoghachda Dé: achd ris an dréim atá leith a muigh, deirthear gach éinní a ccosamhlachduibh.

12 Ionnas ag féachaín dóibh go bhfaicfidis, agus nach tiubhraidís dá naire; agus ag cloisdin dóibh go gcluinfidis, agus nach dtiucfidis; deagla go bhfillfidis uáir ar bith, agus go maithfighe a bpheacuigh dhóibh.

13 A dubhairt sé ríu, An bhfuil ainbhfios na cosamhlachda so oruibh? Agus, cionnas thuigfídhe a nuile chosamhlachd?

14 An sioladoir úd, is í an bríathar shíolchuireas sé.

15 Agus is íad so an drong a tá láimh ris a tslighe, ann a gcuirthear an bhríathar; agus tar éis a cloisdean, tig Sátan ar an mball, agus tógbhuidh sé úatha an bríathar do sióladh an a gcroidhthibh.

16 Agus mar an gcéudna is íad so an dream an ar cuireadh, an síol, a bhfearann chlochach; nocha, éisdeas an bhriathar, agus ghabhus chuca í do láthair maille ré gáirdeachus;

17 Agus ní bhfuil fréumh aca ionnta féin, achd fanuid ar feadh tamuill: agus na dhiáigh sin, an tan éirgheas trioblóid agus buáidhirt tríd an mbréithir, ar an mball do gheibhid síad oilbhéim.

18 Agus is íad so an dream ghabhus an síol chuca an sa muineach; nocha éisdeas ris an mbreithir,

19 Achd téid rochúram an tsáoghail so, agus mealltóireachd an tsaidhbhris, agus míanghus na neitheadh eile a steach, agus tachduid an bhríathar, agus bhí sé neamhthorach.

20 Agus is íad so an dream an ar cuireadh an síol ann sa talamh maith, nocha éisdeas, agus ghabhus chuca an bhríathar, agus do bheir toradh úatha, áon a deich fichead, áon trí fichid, agus áon eile céud.

21 Agus a dubhairt sé ríu, An dtig an choinneal dá cur fáoi bhéul soighthigh, nó fáoi leabuigh? An né nach do chum go gcuirfidhe a gcoinnléoir í?

22 Oír ní bhfuil ní ar bith foluightheach, nach bhfoillseachar; na seicréideach, nach dtiocfa chum soluis.

23 Gidh bé neach agá bhfuilíd clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

24 Agus a dubhairt sé ríu, Tabhruidh dá bhur naire créd é an ní úd chluintí: gidh bé miosúr an a dtoimheósdáoi, toimheósdar chugaibh é: agus do bheurthar tuilleadh dháoibhsi atá ag éisdeachd.

25 Oír gidh bé neach agá bhfuil ní, do bhéurthar dhó: agus gidh bé neach a tá gan ní aige, toigéubhthar úadh an ní a tá aige.

26 A dubhairt sé, Is amhluigh a tá ríoghachd Dé, mar do chuirfeadh neach síol a bhfearann;

27 Agus do choidéoladh sé, agus do éireóchadh sé sa noidhche agus ann sa lá, agus do fhásadh an síol agus do aírdéochadh sé, ar cruth nach raibh a fhios aigesion.

28 Oír is dá dheóin féin do bheir an talamh toradh; ar tús an geamhar, agus na dhíaigh sin déus, agus na dhíaigh sin arbhar iomlán sa déis:

29 Agus an tan thaisbéunas an toradh é féin, ar an mball cuiridh sé corrán ann, do bhrígh go bhfuil ann fóghmhar do láthair.

30 Agus a dubhairt sé, Créd é an ní ré a ndéanam ríoghachd Dé do shamhlughadh? nó créd í an bharamhail ré samhuilfimís é?

31 Is cosmhail é re gráinne musdaird, noch, an tan churthar ann sa talamh, is é is lugha don uile shíol dá bhfuil ar talamh:

32 Achd tar éis a chora, fásaidh sé súas, agus is mó é ná éunluibh do na luibheannuibh, agus fásaid géuga móra air; ionnus go bhféadfaidis éunlaith an aiéir nid do dheanamh ar á sgáth.

33 Agus do labhair sé an bhríathar ríu a mórán dá leithéidibh sin do chosmhalachdaibh, do réir mar do béidir léo a chloisdin.

34 Agus níor labhair sé ríu achd a gcosmhalachdaibh: achd cheana do mhínidh sé gach uile ní dá dheisciobluibh féin ar leith.

35 Agus a dubhairt sé an lá sin ríu, ar mbeith deighionach dhó, Déunum don táobh a nunn.

36 Agus ar bhfágbháil an choimhthionóil, rugadar eisean mar do bhí sé ann sá luing. Agus do bhádar fós longa beaga eile na fhochair.

37 Agus do éirigh sdoirm mhór gháoithe ann, agus do lingeadar na tonna ann sa luing, ionnas go raibh sí a nois ar na líonadh.

38 Agus do bhí seisean ar dheireadh an dtileadh, na chodládh ar chearcháill: agus dúisighid síad é, agus a deirid ris, A Mhaighisdir, nach misde leachd go bhfuilmid a dul a múgha?

39 Agus ar néirghe dhósan, tug sé achmhnsan don gháóith, agus a dubhairt sé ris an bhfairge, Coisg, bí balbh. Ann sin do chíuinaigh an gháoth, agus do bhí súaimhneas mór ann.

40 A dubhairt sé ríu, Créd fá bhfuiltí coimheaglach as sin? créd fá nach bhfuil creideamh aguibh?

41 Agus do ghabh eagla mhór íadsan, agus a dubhradar ré cheile, Cía hé an fear so, agá ndéanann an gháóth féin, agus an fhairrge fós úmhlachd dó?

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16