1 Agus do cruinnigheadar na Phairisínigh chuige, agus cuid do na sgríobuidhibh tháinic ó Iarusaléim.
2 Agus ar bhfaicsin dóibh go ndithadar cuid dá dheisciobluibhsion arán lé lamhuibh coitchionna, (eadhón, gan ionnladh,) do rinneadar gearán.
3 (Oír ni ithid na Phairisínigh, agus na Iúduighe uile bíadh, muna nionnlaid síad a lámha go minic, ag coimhéd órduighthe na sinnsior.
4 Agus ar dteachd ón mhargadh, muna nionnlaid, ni ithid siád. Agus a táid móran do neithibh eile, do ghabhadar orra do choimhéud, már a tá níghe na gcopan, agus na bpotadh, agus na soightheach práis, agus na leabthath.
5 Do fhíafruigheadar na Phairisinigh agus na sgríobuidhe dhe tar éis sin, Créd fá nách siubhluid do dheisciobluilsi do réir órduighthe na sinnsior, achd ithid arán lé lamhuibh gan ionnladh?
6 Agus do fhreagair seision agus a dubhairt sé ríu, Go fírinneach is maith do rinne Isaías fáidheadóireachd bhar dtimcheall a luchd an fhúarchrabhuidh, mar a tá sgríobhtha, Onóruighid an pobal so mé le na bpusuibh, achd a tá a gcroidhe a bhfad úaim.
7 Achd is díomháoineach do níd seirbhís damhsa, ag teagasg aitheantadh na ndaoine mar theagasg.
8 Oír air dtréigean áithne Dé, gabhuidh sibh órdughadh na ndáoine mar a tá nighe na bpotadh agus na gcupan: agus do níthí mórán dó neithibh eile is cosmhail ríu so.
9 Agus a dubhairt sé ríu, Is maith churtháoi ar gcúl aithne Dé, ionnas go gcoimhéudfadh sibh bhur ngnáthughadh féin.
10 Oír a dubhairt Máoisi, Onóruigh hathair agus do mháthair féin; agus, Gidh bé a déara olc ré na athair nó ré na mháthair, cuirthear chum báis é:
11 Achd a deirthísi, Dá nabradh éin neach ré na athair ní ré na mháthair, Corbán (éadhón, an tiodhlacadh,) do bheirimsi úaim; rachaidh sé a dtarbha dhuitsi.
12 Agus ní léigthí dhó as sin a mach ní sa mhó do dhéunamh dá athair no dhá mháthair féin;
13 Ag cur bhréithre Dé ar gcúl leis an ngnáthughadh do órduigheabhair féin, agus is mór dá leitheidibh so do níthí.
14 Agus ar ngairm an tslúaigh uile chuige, a dubhairt sé ríu, Eisdigh riumsa uile, agus tuigidh:
15 Ní bhfuil ní ar bith ar an dtáobh a muigh don duine, théid a sdeach ann lé nab éidir a shalchadh: achd na neithe thig as a mach, as íad sin na neithe shalchas an duine.
16 Gidh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.
17 Agus an tan do chúaidh sé a sdeach a dtigh ón tslúagh, do chuireadar a sheisciobuil ceisd air a dtimcheall na cosamhlachda.
18 Agus a dubhairt sé ríu, An bhfuiltisi leis mar an gceudna gan tuisge? AN ne nach dtuigthí, gidh bé ní don táobh a muigh théid a sdeach sa duine, nach éidir leis eisean do shalchadh?
19 Oír ní théid sé a sdeach ann a chroidhe, achd ann a bholg, agus téid sé a mach sa chamra, ghlanus a nuile bhíadh?
20 Achd a dubhairt sé, An ní théid amach as an duine, as é sin shalchus an duine.
21 Oir is ón táobh a sdigh, ó chroidhe na ndáoine, thigid na drochsmúaintighe, adhaltrannas, sdríopachus, dúnmharbhtha,
22 Goid, sainnt, aingídheachd, mealltóireachd, míonáire, drochshúil, blaisphéime, úabhar, amadanachd:
23 Tigid na huilesi uile ón táobh a sdigh, agus salchuid an duine.
24 Agus ar néirghe dhó as sin, do chúaidh sé go críochaibh Thírus agus Shídon, agus ar ndul a sdeach a dtigh dhó, nír bháill leis duine ar bith dfagháil a fheasa: gidheadh nír bhéidir leis bheith a bhfolach.
25 Oír an tan do chúalaidh bean da tháoibh, agá raibh spiorad neamhghlan an a hinghin óg, táinic sí agus do léig sí í féin síos agá chosaibh:
26 (Do budh Gréugach an bhean, Sirophenissa do chinéul;) agus do ghuidh sí é an deamhan do theilgean a mach as a hinghin.
27 Achd a dubhairt Iósa ría, Fulaing ar tús an clann do sháithiughadh: oír ní hiomchubhuigh arán na cloinne do ghlacadh, agus a theilgean chum na gcoiléun.
28 Achd do fhreagair sisi, agus a dubhairt sí ris, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh ithid na cuiléin fáoi an mbórd ní do sbrúileach na leanabh.
29 Agus a dubhairt seisean ríasi, Ar son na cainnti so imthigh romhad; do chúaidh an deamhan a mach as hinghin.
30 Agus do chúaidh sí dhá tigh, agus fúair sí an deamhan a nimtheachd, agus a hinghean na luighe ar a leabuidh.
31 Agus do fhill sé a ris ó theórannuibh Thíruis agus Shídon, agus táinic sé go fairrge na Galilé, tré lár chríochaibh Dhecapolis.
32 Agus tugadar duine bodhar balbh chuige; agus do íarradar air a lámh do chur air.
33 Agus ar na bhreith leis fó leith ón phobal, do chuir sé a mhéir ann a chlúasaibh, agus ag seileagh dhó, do bhean sé ré na theanguidh;
34 Agus ar bhféachain súas ar neamh, do léig sé osnadh, agus a dubhairt sé ris, Ephphatha, éadhon, Bí osgailte.
35 Agus ar an mball do hosgladh a chlúasa, agus do sgáoileadh cuibhreach a theangadh, agus do labhair sé go ceart.
36 Agus do aithin sé dhíobh gan sin dinnisin déainneach: achd ni bhfuil dá mhéud dá dtoirmíosgadh seisean, nach móide go mor dfoillsighidsion é;
37 Agus do ghabh iongantus romhór íad, agus a dubhradar, Do rinne sé gach uile ní go maith: do bheir sé fá deara go gcluinid na bodhair, agus go labhruid na bailbh.